mindful of today being st. patrick’s day, here are some songs w lyrics (click the two pictures for videos)

Sagart na Cúile Báine

Thug mé an ruaig ó Thobar Mhic a’ Duain
Agus chugat anuas le fána,
Ó chontae na Mí go Loch Dearg na Naomh,
Agus chugat aníos Cruach Phádraig.
‘S ar shiúil mé go fóill níor chuala mé aon cheol,
Ar orgán, ar fhliúit ná ar chláirseach
Mar a bhí ag an lon i dteach pobail Mhaigh Eo
‘Sé sagart na cúile báine.

Má théann tú go deo go Contae Mhaigh Eo,
Cuir tuairisc ar fhear de Sheoigheach,
Agus gheobhaidh tú é ag teacht chugat sa ród
Mar a bheadh aingeal as ríocht na glóire.
Téir ar do ghlúine ‘gus aithris dhó do rún,
Gur peacach a shúil ins gach ceard thú
‘S ar uair ár mbáis na Flaithis go bhfáighe
Ó shagart na cúile báine.

Éirigí suas go dtéimid chun siúil,
Go bhfaighimid siúd ón bPápa,
Go bhfaighe muid léas ar theach pobail Mhaigh Eo
Do shagart na cúile báine.
Éirigí suas go dtéimid chun siúil,
Go bhfaighimid sagart na cúile báine.
A d’imigh uainn aréir is nach b’fhillfidh go héag
Mar tá sé i Loch Éirne báite.

Tá Contae Mhaigh Eo faoi leatrom go deo
Ó d’imigh uainn an t-aonmhac Seoigheach
‘S nach gcuirfeadh sé bród ar aon duine beo
A d’fheicfeadh san éadach é Dé Domhnaigh
Chuirfeadh sé séala ort ag dul insan gcré dhuit
Agus gheobhadh sé na grásta ó Chríosta,
Agus chuirfeadh sé ar an eolas an té nach mbeadh cóir,
Agus mhúinfeadh sé an treoir dhó díreach.

‘S níorbh ionadh liom fhéin dhá lasfadh an spéir,
‘S na néalta chomh dubh le h-áirní,
An dealramh ón ngréin is an ghealach í fhéin,
Ó cailleadh ceann seasta na háite.
Paidir is Cré an Dá Aspal Déag,
In onóir do Rí na Glóire,
‘S gan muid a chur sa gcré nó go mínítear an scéal
Ar shagart na Cúile Báine.

Máire Ní Eidhin

Ag gabháil ‘un an Aifrinn dom le toil na nGrásta
bhí an lá ag báisteach is d’athraigh gaoth
Casadh an ainnir dhom ar bhruach Chill Tártain
is thit mé láithreach i ngrá le mnaoi
Labhair mé léi go múinte mánla
is de réir a cáilíocht sea d’fhreagair sí
Séard a dúirt sí: ‘Raiftearaí, tá m’intinn sásta
ach gluais go lá liom go Baile Uí Lí.’

Nuair a fuair mé an tairiscint níor lig mé ar cairde é
ach rinne mé gáire is gheit mo chroí,
Ní raibh le dhuil againn ach trasna páirce
níor thug muid an lá linn ach go tóin an tí
Leag sí anuas bord a raibh gloine is cárt air
is a cúilín fáinneach le m’ais ina suí
Séard dúirt sí: ‘Raiftearaí, bí ag ól is céad fáilte
tá an siléar láidir againn i mBaile Uí Lí.’

‘Sí Máire Ní Eidhin an chiúinbhean bhéasach
is deise méin ‘gus is áille gnaoi
Míle cléireach a dhuil in éineacht
trian a tréathra ní fhéadfadh scríobh
Bhuail sí Deirdre le breáichte is Véineas
dá n-abraínn Héilean ler scriosadh an Traoi
Seo’d í an chraobh is cé a d’iarrfadh a héileamh
ar an bpabhsae gléigeal ‘tá i mBaile Uí Lí.

Nach aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe
is tú ag féachaint síos uait ar Bhaile Uí Lí
Ag siúl na ngleannta ag baint cnó is sméara
‘s ceiliúr éan ann mar na ceolta sí
Níl brí sa méid sin dá bhfaigheá léargas
ar bhláth na gcraobh ‘tá lena thaobh
Níl maith dá shéanadh níos faide ar aon neach,
a spéir na gréine, is tú grá mo chroí.

Dá siúlfá Sasana is an Fhrainc thré chéile
an Spáinn an Ghréig is ar ais aríst
Ó bhruach Loch Gréine go béal Loch Éirne
is ní fheicfeá féirín ar bith mar í.
A grua thrí lasadh is a malaí caola
a haghaidh dá réir is a béal tais mín
Scoth ban Éireann, is as ucht an scéil sin
a thug mé an chraobh duit i mBaile Uí Lí.

A réalt an tsolais, is a ghrian bhreá an fhómhair,
a chúilín ómra, a mheall mo chroí
Siúil ar uaigneas liom go ndéanam comhairle
faoi choinne an Domhnaigh cá mbeidh ár suí
Níor mhór liom ceol duit gach aon tráthnóna
puins ar bord is dá n-óltá fíon
Ach a Rí na Glóire, go dtriomaí an bóthar
is go bhfágha mé an t-eolas ar ais aríst.